Questions? +1 (202) 335-3939 Login
Trusted News Since 1995
A service for agriculture industry professionals · Friday, March 29, 2024 · 699,676,615 Articles · 3+ Million Readers

Ceapann an tAire Cathaoirleach an Choiste Achomhairc Foraoiseachta

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, T.D. inniu gur ceapadh an tUasal Bart Brady mar Chathaoirleach an Choiste Achomhairc Foraoiseachta (an CAF) nua.  Iar-Ard-Rúnaí Cúnta é an tUasal Brady sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Bunaíodh an CAF faoin Acht um Achomhairc Talmhaíochta, 2001, arna leasú, chun éisteacht le hachomhairc in aghaidh cinntí faoi cheadúnais foraoiseachta agus tá sé neamhspleách ar an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.  Tá sé bunaithe san Oifig Achomhairc Talmhaíochta i bPort Laoise, Contae Laoise.  Anuas ar an Uasal Brady mar Chathaoirleach, beidh oifigigh na hOifige Achomhairc Talmhaíochta reatha i measc chomhaltaí eile an Choiste.

Agus é ag trácht ar an gceapachán, dúirt an tAire Andrew Doyle, T.D., an tAire atá freagrach as Foraoiseacht sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara,“Cuirim fáilte ó chroí roimh cheapachán an Uasail Bart Brady mar Chathaoirleach agus roimh an nuacht go bhfuil an Coiste Achomhairc Foraoiseachta ar tí tús a chur lena chuid oibre.  Tuigim go bhfuil líon na n-achomharc a fuarthas go dtí seo faoin gcóras nua sách íseal i gcomparáid le méid na gcinntí ceadúnais a d’eisigh mo Roinn. Éascóidh tosú oibre ag an gCoiste na hachomhairc siúd anois agus beidh fáil ar an gCoiste sa chás go ndéanfaí aon achomhairc ar chinntí ceadúnaithe amach anseo”.

Tá an CAF ar fáil mar chomhlacht achomhairc d’iarratasóirí nó tríú páirtithe atá míshásta le cinntí a rinne an Roinn faoi iarratais ar cheadúnais le haghaidh foraoisiú, leagan crann, oibreacha bóthair foraoise agus toirchiú ón aer. Beidh an próiseas achomhairc seo go hiomlán neamhspleách ar an Roinn ach tuigtear go mbeidh tús á chur ag an gCoiste lena chuid oibre go luath agus go mbeidh achomhairc reatha á bpróiseáil aige sna seachtainí amach romhainn. 

CRÍOCH

 

Seoladh an ríomhphost seo chugat mar gheall go ndearna tú idirchaidreamh linn roimhe seo nó léirigh tú gur spéis leat a bheith san áireamh ar ár liosta seoltaí. Mura mian leat ríomhphoist ina bhfuil sonraí faoi phreaseisiúintí a fháil a thuilleadh, cuir ar an eolas sinn, le do thoil, trí ríomhphost a sheoladh chuig press@agriculture.gov.ie agus scríobh  ‘díliostáil’ sa líne ábhair agus bainfimid thú ónár dtaifid.

Date Released: 09 February 2018

Powered by EIN Presswire


EIN Presswire does not exercise editorial control over third-party content provided, uploaded, published, or distributed by users of EIN Presswire. We are a distributor, not a publisher, of 3rd party content. Such content may contain the views, opinions, statements, offers, and other material of the respective users, suppliers, participants, or authors.

Submit your press release