Questions? +1 (202) 335-3939 Login
Trusted News Since 1995
A service for agriculture industry professionals · Thursday, April 18, 2024 · 704,601,755 Articles · 3+ Million Readers

Baineann Creed Méadú 8% amach ar Luach Cuótaí Éisc Ghil d¿iascairí Éireannacha

Méadú 15% ar an gcuóta €80m do chloicheáin

Rinneadh turasóireacht slatiascaireacht doingean mara a chosaint

I ndiaidh idirbheartaíocht dhian a mhair dhá lá a cuireadh i gcrích ag 7.30am ar maidin, bhain an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, T.D., pacáiste iomlán cuótaí éisc amach ar fiú €266 milliún é d’iascairí Éireannacha don bhliain 2018.

Rinneadh comhaontú ar 40,168 tonna, ar an iomlán, de chuótaí éisc ghil don bhliain 2018.   Dúirt an tAire Creed, “Is ionann luach iomlán €152m na gcuótaí éisc ghil a baineadh amach don chabhlach iascaireachta Éireannach agus méadú 8% ar an luach ón mbliain seo caite agus méadú 3% ar mhéid. Táim sásta gur toradh maith agus cothrom é seo, ar an iomlán".

Is ionann cuóta cloicheán na hÉireann agus 10,729 tonna ar a bhfuil luach €83m.   Dúirt an tAire, “I mbliana, bhaineamar méadú 15% amach ar chloicheáin, ar fiú breis agus €10.6m go díreach é le cabhlach na hÉireann, arb ionann sin agus an méadú singil is mó le breis agus deich mbliana anuas agus léiríonn sé go bhfuil an stoc seo ina steillbheatha, ar an iomlán. 

Is léir go bhfuil go leor dár stoic á n-atógáil, faoi mar a léiríonn méadú 34% ar ár gcuótaí éisc ghil amach ón gcósta thiar thuaidh agus méadú 64% i Muir Éireann i gcomparáid le 5 bliana ó shin - dhá limistéar ina raibh stoic laghdaithe.

Labhair an tAire Creed ar an toradh dearfach do Mhuir Éireann, “Tá stoic troisc agus cadóige i Muir Éireann bainte amach arís i ndiaidh go leor blianta ina ndearnadh bearta caomhnaithe faoi stiúir an tionscail.   Bhí an tóin réidh le titim as an stoc troisc, ach go háirithe, ón mbliain 2000 ar aghaidh.   B’fhiú an obair a rinneadh chun an stoc seo agus an stoc cadóige a atógáil i mbliana agus sonraítear méaduithe suntasacha ar an dá chuóta dár gcabhlaigh ar an gcósta Thoir.”

Déantar bainistiú ar iascach scadáin na Mara Ceiltí faoi phlean a d’ullmhaigh earnáil iascaireachta na hÉireann ar gá ciorrú 30% a dhéanamh air in 2018.  Dúirt an tAire Creed, “Ar aon dul le moladh earnáil iascaireachta na hÉireann, leanamar an Plean Bainistíochta le haghaidh scadán na Mara Ceiltí.   Tá an plean seo réamhchúramach agus teastaíonn an ciorrú chun an stoc a atógáil i ndiaidh tréimhse mheatha ón mbliain 2015 ar aghaidh.

Bhain togra an-deacair lenár n-iascach doingean mara áineasa inar lorg an Coimisiún toirmeasc iomlán ar shlatiascaireacht ar feadh 6 mhí den bhliain.  D’éirigh leis an Aire iascach ‘gabh agus scaoil’ i gcaitheamh na bliana a bhaint amach nach gcuirfeadh an stoc i mbaol agus a chosnódh an acmhainn ríthábhachtach turasóireachta seo.

Chuir an tAire a shásamh in iúl gur chuir Comhairle na bliana seo céim thábhachtach eile díbh chun stoic a sholáthar ar na leibhéil uasta inbhuanaithe. “Déanfaidh an dul chun cinn atá déanta againn i mbliana lámh chúnta a thabhairt dúinn inár n-iarrachtaí chun ár stoic éisc a atógáil, a bhuntacaíonn le todhchaí ár dtionscail agus ár bpobal cósta.”

Dúirt an tAire mar fhocal scoir, “Tá roinnt saincheisteanna dúshlánacha romhainn i mbliana ach creidim gur pacáiste cothrom agus inbhuanaithe an pacáiste deiridh.   Ba mhaith liom, chomh maith leis sin, mo bhuíochas a chur in iúl as an gcomhoibriú agus an cúnamh a fuair mé ón dtionscal iascaireachta agus ó na hionadaithe d’eagraíochtaí neamhrialtasacha sa Bhruiséil i rith na hidirbheartaíochta agus sna míonna rompu.”

I measc na bpríomhthorthaí ar a ndearnadh idirbheartaíocht, tá an méid seo a leanas

  • San Iarthuaisceart, méadú 20% ar anglait, méadú 21% ar bholmán Atlantach agus méadú 26% ar chadóg do phoirt an Chaisleáin Nua agus na gCealla Beaga.
  • Méadú 15% ar an gcuóta cloicheáin, ar fiú €10.6m é, a théann chun sochair phoirt Cheann Chlochair, Bhinn Éadair, Bhréantrá, Bhaile Chaisleáin Bhéarra, an Daingin agus Ros an Mhíl.
  • I Muir Éireann, rinneadh an cuóta a mhéadú faoi thrí a bhuíochas leis an téarnamh ar an stoc troisc; tháinig méadú 55% ar chuóta cadóige Mhuir Éireann, chomh maith.  Baineann tábhacht, go príomha, leis na stoic seo, i gcás phoirt Cheann Chlochair, Bhinn Éadair agus Ché na Cille Móire.
  • Tháinig méadú 13% ar Thuinnín Colgach atá tábhachtach i dtaobh phoirt dheisceartacha Bhaile Chaisleáin Bhéarra agus an Daingin;
  • I dtaobh na n-iascach measctha éisc ghil amach ó chósta an Deiscirt agus an Iarthair, tháinig méadú 2% ar throsc, níor tháinig aon athrú ar an stoc anglaite, tháinig laghdú 11% ar chadóg; agus tháinig laghdú 19% ar fhaoitín, agus tá seo go léir ar aon dul leis an gcomhairle eolaíochta.

STOC

LIMISTÉAR

Cuóta 2017

Cuóta 2018

Athrú

Luach 2018

       

 

   

Trosc

VIIa

97

458

372%

€1.05

372%

Trosc

VII b-k

739

756

2.3%

€0.05

2%

Scoilteáin

VII

2,266

2,263

0%

-€0.01

0%

Anglait

VII

2,540

2,547

0%

€0.03

0%

Cadóg

VII b-k

1,722

1,532

-11%

-€0.35

-11%

Cadóg

VIIa

898

1,388

55%

€0.91

55%

Faoitín

VIIa

46

46

0%

€0.00

0%

Faoitín

VIIb-k

7,646

6,180

-19%

-€1.88

-19%

Gliomach na hIorua

VII

9,352

10,729

14.7%

€10.63

15%

Leathóg

VIIa

768

1,172

53%

€0.78

53%

Leathóg

VII

63

67

6%

€0.01

6%

Leathóg

VII

199

203

2%

€0.01

2%

Leathóg

VII hjk

56

56

0%

€0.00

0%

Mangach

VII

927

927

0%

€0.00

0%

Glasán

VII

1,491

1,492

0%

€0.00

0%

Sól Coiteann

VIIa

17

17

0%

€0.00

-1%

Sól Coiteann

VII

36

36

0%

€0.00

-1%

Sól Coiteann

VII fg

26

29

12%

€0.03

12%

Sól Coiteann

VII hjk

171

178

4%

€0.06

4%

Fo-Iomlán (Limistéar VII)

29,060

30,076

3%

€11.32

10%

 

STOC

LIMISTÉAR

Cuóta 2017

Cuóta 2018

Athrú

Luach 2018

Trosc

VIb  

16

16

0%

€0.00

3%

Trosc

VIa

0

0

 

€0.00

 

Scoilteáin

VI

736

704

-4%

€0.11

-4%

Anglait

VI

765

918

20%

€0.64

20%

Cadóg

VIb XII XIV

411

428

4%

€0.03

4%

Cadóg

VIa Vb

605

761

26%

€0.29

26%

Faoitín

VI

64

64

0%

€0.00

-1%

Gliomach na hIorua

VI

222

164

-26%

-€0.45

-26%

Leathóg

VI

261

261

0%

€0.00

0%

Mangach

VI

56

56

0%

€0.00

0%

Glasán

VI

427

429

0%

€0.00

0%

Sól Coiteann

VI

46

46

0%

€0.00

0%

Fo-Iomlán (Limistéar VI)

3,609

3,847

7%

€0.41

3.6%

 

STOC

LIMISTÉAR

Cuóta 2017

Cuóta 2018

Athrú

Luach 2018

Torsca

V, VI, VII

53

57

8%

€0.00

 

Colmóir

VI, VII

3,732

3,464

-7%

-€0.62

-7%

Langa Gorm

Vb,VI,VII

32

32

0%

€0.00

 

Langa Gorm

II, IV

4

4

0%

€0.00

 

Langa

VI - IX, X, XII, XIV

1,008

1,008

0%

€0.00

0%

Sciataí agus Roic

VI, VIIa-c, & e-k

1,100

1,266

15%

€0.23

15%

Haileabó Graonlannach

IIa, IV, VI

16

16

0%

€0.00

 

Fíogach Gobach

 I, V - VIII, XII, XIV

53

53

0%

€0.00

 

Trosc

I, II

344

345

0%

€0.00

0%

Péirse Mara

V, XII, XIV (Éadomhain)

0

0

 

€0.00

 

Péirse Mara

V, XII, XIV (Domhain)

0

0

 

€0.00

 

Fo-Iomlán (Limistéar Roinnte VI agus VII)

6,342

6,245

-1.5%

-€0.38

-3%

 

Stoc

LIMISTÉAR

Cuóta 2017

Cuóta 2018

Athrú

Luach 2018

Airgintín Mór

III, IV

7

8

14%

€0.00

14%

Airgintín Mór

V, VI, VII

274

329

20%

€0.04

20%

Torciasc

VI, VII,VIII

18,858

14,084

-25%

-€0.84

-25%

Scadán

VIaN

630

630

0%

€0.00

0%

Scadán

VIaS, VIIbc

1,482

1,482

0%

€0.00

0%

Scadán

VIIa

1,074

1,826

70%

€0.28

70%

Scadán

VII ghjk

12,502

8,748

-30%

-€1.38

-30%

Faoitín Gorm

I - VIII a,b,d,e XII,XIV

45,547

47,451

4%

€0.45

4%

Ronnach

VI, VII

86,426

69,141

-20%

-€16.40

-20%

Bolmán Atlantach

IVb, IVc, agus VIId

438

376

-14%

-€0.05

-14%

Bolmán Atlantach

IIa,IVa,VI,VIIa-c,e-k,VIIIabe

21,153

25,625

21%

€3.62

21%

Scadán

I, II

3,731

2,512

-33%

-€0.45

-33%

Tuinnín Colgach

An tAtlantach Thuaidh

2,514

2,845

13%

€0.81

13%

PEILIGEACH IOMLÁN

194,636

175,057

-10%

-€13.93

-11%

 

Stoc

LIMISTÉAR

Cuóta 2017

Cuóta 2018

Athrú

Luach 2018

Siorcanna Domhainfharraige

XII

0

0

 

€0.00

 

Scabaird Dhubh

V, VI, VII, XII

84

74

-12%

-€0.03

-12%

Alfainsíní

I - X, XII, XIV

9

9

0%

€0.00

0%

Gránadóir Cruinnsocach

Vb, VI, VII

198

203

3%

€0.01

3%

Gránadóir Cruinnsocach

VIII, IX, X, XII, XIV

4

3

-25%

€0.00

-25%

Gainneachán Flannbhuí

VI

0

0

 

€0.00

 

Gainneachán Flannbhuí

VII

0

0

 

€0.00

 

Gainneachán Flannbhuí

I - V, VIII - XII, XIV

0

0

 

€0.00

 

Deargán

VI, VII, VIII

4

4

0%

€0.00

0%

Fícínigh

V, VI, VII

278

247

-11%

-€0.05

-11%

DOMHAINFHARRAIGE IOMLÁN

577

540

-6%

-€0.07

-6%

 

CRÍOCH

 

 

Date Released: 13 December 2017

Powered by EIN Presswire


EIN Presswire does not exercise editorial control over third-party content provided, uploaded, published, or distributed by users of EIN Presswire. We are a distributor, not a publisher, of 3rd party content. Such content may contain the views, opinions, statements, offers, and other material of the respective users, suppliers, participants, or authors.

Submit your press release