Questions? +1 (202) 335-3939 Login
Trusted News Since 1995
A service for agriculture industry professionals · Thursday, April 18, 2024 · 704,673,233 Articles · 3+ Million Readers

Simpliú ar Riachtanais an Chláir um Shonraí agus Géanómaíochta Mairteola fógartha ag Creed

D'fhógair an tAire Cultúir, Bia agus Mara, Michael Creed, T.D. simpliú ar riachtanais faoin gClár um Shonraí agus Géanómaíochta Mairteola inniu (BDGP) i ndáil le hincháilitheacht Tarbh Tréada faoin gclár.

Éilítear ar rannpháirtithe an chláir a úsáideann tarbh tréada tarbh amháin ar a laghad a bheith acu ar a ngabháltas an 30 Meitheamh 2019 a bhí 12 mhí dhéag ar a laghad agus a fuair rátáil 4 nó 5 réalta ar an Innéacs Athsholáthair agus/nó Teirminéalach, laistigh agus/nó ar fud an phóir sa chéad mheasúnú géanómaíoch nó sa mheasúnú géanómaíoch an tráth ar ceannaíodh é.

Tá 2 shimpliú déanta ar an riachtanas seo:

  • Sa chás go raibh measúnú géanómaíochta foilsithe i leith an tairbh ar an ngabháltas agus gur measadh nach raibh sé incháilithe de bharr gur rátáil 3 réalta nó níos lú a bhí faighte aige ar an gcéad mheasúnú géinitíopála sin, is féidir a mheas go bhfuil an tarbh sin incháilithe anois má fhaigheann sé rátáil 4 nó 5 réalta.
  • Sa chás go bhfuil an tarbh i measc an tréada an 30 Meitheamh ach nach bhfuil sampláil déanta air go fóill, nuair a bheidh an sampla faighte ag an tsaotharlann ar an 30 Meitheamh nó roimhe agus tús curtha leis an bpróiseas géinitíopála, measfar é sin a bheith incháilithe ar an gcoinníoll go bhfuil rátáil 4 nó 5 réalta faighte ag an tarbh ar an measúnú géanómaíoch ina dhiaidh sin. Ciallaíonn sé sin go nglacfar measúnú mhí Iúil 2019 (a fhoilsítear ar an 22 Iúil) agus measúnú Mheán Fómhair 2019 (a fhoilsítear an 23 Meán Fómhair) san áireamh chun críocha incháilitheachta.

Dúirt an tAire Creed "Tá áthas orm an simpliú seo ar an riachtanas i ndáil le Tarbh Tréada faoin gClár um Shonraí agus Géanómaíochta Mairteola (BDGP) a fhógairt.  Bhí oifigigh mo Roinne ag obair go dlúth lena macasamhail san ICBP ar an gceist seo agus airím go bhfaighidh an oiread rannpháirtithe agus is féidir a n-íocaíocht iomlán in 2019 faoin gClár tábhachtach seo de bharr an chuir chuige réadúil seo i leith an phríomhriachantais seo. Tá roinnt tréada aitheanta acu nach bhfuil ag baint amach an riachtanais seo i láthair na huaire agus beifear i dteagmháil leo sin sna laethanta amach romhainn chun na hoibleagáidí atá orthu faoin gClár a chur in iúl dóibh.

 

CRÍOCH

Date Released: 14 June 2019

Powered by EIN Presswire


EIN Presswire does not exercise editorial control over third-party content provided, uploaded, published, or distributed by users of EIN Presswire. We are a distributor, not a publisher, of 3rd party content. Such content may contain the views, opinions, statements, offers, and other material of the respective users, suppliers, participants, or authors.

Submit your press release