Questions? +1 (202) 335-3939 Login
Trusted News Since 1995
A service for agriculture industry professionals · Friday, March 29, 2024 · 699,708,395 Articles · 3+ Million Readers

Tús curtha go luath le híocaíochtaí fógartha ag Creed faoin Scéim Phíolótach Mairteola um Éifeachtúlacht Chomhshaoil (BEEP) do 2019 ar fiú €20 milliún í

Tá sé fógartha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. go bhfuil tús curtha leis na chéad íocaíochtaí le hiarratasóirí faoin Scéim Phíolótach Mairteola um Éifeachtúlacht Chomhshaoil (BEEP). Is scéim €20 milliún í scéim BEEP atá á reáchtáil ar bhonn píolótach in 2019 agus táthar ag leanúint leis an scéim i mBuiséad 2020 le hinfheistíocht €40 milliún a dhéanamh i scéim chomharba.  Bliain dheacair a bhí inti d'fheirmeoirí mairteola, ach léirítear tríd an scéim €20 milliún BEEP agus an Beart Cúnaimh Eisceachtúil Mairteola €78 milliún (BEAM), mar aon leis an gClár um Shonraí agus Géanómaíochta Mairteola, €45 milliún agus íocaíochtaí méadaithe faoin ANC tiomantas leanúnach an Rialtais tacú le hioncaim san earnáil.

Dúirt an tAire; “Táim sásta a fhógairt go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí ó mo Roinnse le hiarratasóirí a bhfuil an mheá curtha i gcrích acu agus sonraí curtha ar aghaidh i ndáil le gach ainmhí incháilithe atá acu. Leanfaidh mo Roinnse d'íocaíocht a dhéanamh le rannpháirtithe atá ag cloí go hiomlán le riachtanais na Scéime Píolótaí maidir lena gcuid ainmhithe roimh dheireadh na bliana. Ó inniu ar aghaidh, tá íocaíochtaí dar luach €2 mhilliún á n-eisiúint chuig 3,134 feirmeoir, agus trí na sonraí a chuirtear ar aghaidh faoin Scéim Phíolótach cuideofar le feidhmíocht gheilleagrach agus comhshaoil na tréada dúil atá againn a fheabhsú.

Labhair an tAire arís faoin tiomantas atá aige a chinntiú go dtabharfar tús áite d'íocaíochtaí le feirmeoirí; "Leanfar de na híocaíochtaí a eisiúint de réir mar a bheidh cásanna aonair á gceadú, agus beidh sraitheanna rialta íocaíochta i bhfeidhm i rith na seachtainí atá romhainn chun sin a chinntiú.  Ba chóir d'fheirmeoirí a raibh foireann na Roinne i dteagmháil leo agus ceisteanna acu maidir lena n-iarratas freagra a thabhairt chomh luath agus is féidir chun na híocaíochtaí a éascú."

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire “mar gheall ar an tábhacht mhór a bhaineann le go leor de na scéimeanna atá i bhfeidhm faoi láthair, scríobh mo Roinnse chuig gach feirmeoir le gairid chun leagan amach an sceidil íocaíochta do na scéimeanna sin sna míonna atá romhainn a chur in iúl dóibh. Táim tiomanta dena chinntiú go leanfar de na híocaíochtaí a eisiúint ar an mbealach is éifeachtúla agus is féidir lena chinntiú go gcuirfear na tacaíochtaí ríthábhachtacha seo ar fáil d'fheirmeoirí in am trátha.”   

 

 CRÍOCH

Date Released: 22 October 2019

Powered by EIN Presswire


EIN Presswire does not exercise editorial control over third-party content provided, uploaded, published, or distributed by users of EIN Presswire. We are a distributor, not a publisher, of 3rd party content. Such content may contain the views, opinions, statements, offers, and other material of the respective users, suppliers, participants, or authors.

Submit your press release