Questions? +1 (202) 335-3939 Login
Trusted News Since 1995
A service for agriculture industry professionals · Friday, March 29, 2024 · 699,718,204 Articles · 3+ Million Readers

Creed ag Iarraidh Tacaíocht ón AE don Earnáil Agraibhia agus don Earnáil Iascaigh agus Aghaidh á thabhairt ar COVID-19 againn Béim á leagan ag an Aire ar an ról ríthábhachtach a bhaineann le soláthar bia a choinneáil ag imeacht

D'iarr an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D inniu ar an gCoimisiún Eorpach lánréimse tacaíochtaí atá ar fáil a chur i bhfeidhm d'fhonn a chinntiú go bhféadfaidh na hearnálacha agraibhia agus iascaigh feidhmiú ar an mbealach is fearr ar mhaithe leis an bpobal le linn ghéarchéim COVID-19 agus go mbeadh an laghad is lú tionchar aige seo ar chúrsaí.

 

I ndiaidh Chomhairle speisialta na nAirí Iascaigh agus Talmhaíochta ar an ábhar seo inniu, a reáchtáladh ar fhíschomhdháil, dúirt an tAire Creed, "Tá ról lárnach ag na hearnálacha agraibhia agus iascaigh d'fhonn sláinte agus folláine saoránach a chosaint i gcomhthéacs COVID-19. D'fhonn soláthar bia a choinneáil ag imeacht agus d'fhonn an ghné ríthábhachtach seo do bhonneagar cheantair thuaithe agus ceantair le cósta, beidh tacaíochtaí suntasacha de dhíth i dtús na géarchéime."

 

Cé gur fháiltigh sé le tionscnaimh le deireanas ag leibhéal AE dúirt an tAire Creed, ina ainneoin sin, go raibh tacaíochtaí ar leith agus tacaíochtaí spriocdhírithe de dhíth ó na hearnálacha agraibhia agus iascaigh. Dúirt sé "D'iarr mé ar an gCoimisiún inniu a bheith réidh le réimse beartas a chur i bhfeidhm, de réir mar a bheidh na beartais sin de dhíth, lena n-áirítear:

  • lánréimse beartas tacaíochta don mhargadh a bhfuil foráil déanta dóibh i Rialachán um Chomheagraíocht na Margaí (Rialachán 1308 de 2013), lena n-áirítear tacaíochtaí sonracha earnála agus beartais eisceachtúla;
  • solúbthacht do Bhallstáit i ndáil le roinnt beartas CAP a chur i bhfeidhm, mar shampla, mar a bhaineann le rialú ar an láthair, réamhíocaíochtaí agus force majeure a chur i bhfeidhm, nó cúinsí neamhghnácha, forálacha; agus
  • athruithe riachtanacha a dhéanamh ar an dlí don earnáil iascaigh chun cead a thabhairt Cúnamh Stórála a thabhairt isteach gan srianta ar an méid a bheith i bhfeidhm, mar a bhí roimhe seo, chomh maith le tacaíocht bhreise airgeadais a chur ar fáil de bharr gníomhaíochtaí iascaigh a bheith scortha go sealadach. D'iarr mé solúbthacht freisin do Bhallstáit chun na tacaíochtaí airgeadais seo a chur ar fáil go gasta."

 

Leag an tAire béim chomh maith ar an ngá atá ann go gcothaítear sláine an Mhargaidh Aonair agus muid ag tabhairt aghaidh ar ghéarchéim COVID-19, mar shampla trína chinntiú nach gcuireann seiceálacha ag teorainneacha isteach ar shaorghluaiseachtaí earraí ná ar lucht oibre ar fud an AE nuair nach bhfuil gá leis. Tá tábhacht ar leith ag baint leis seo chun a chinntiú go leanfaidh na slabhraí soláthair agraibhia de bheith ag feidhmiú go héifeachtach.

 

Mar fhocal scoir dúirt an tAire Creed, "Ní mór dúinn ar fad na céimeanna ar gá a ghlacadh a ghlacadh anois chun a cinntiú go bhfuil táirgeoirí agus próiseálaithe ábalta leanúint de bheith ag feidhmiú go héifeachtach, go bhfuil slabhraí soláthair ábalta fanacht oscailte, go bhfuilimid ábalta bia a chur ar fáil do dhaoine, agus gur féidir an tionchar a bheidh aige seo ar bhonneagar na n-earnálacha agraibia agus iascaigh a laghdú. Sa dóigh sin, beidh ar ár gcumas a chinntiú, ní hamháin go bhfuil na hearnálacha seo ábalta teacht slán as seo, ach go mbeadh baint lárnach acu in aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19."

 

 

CRÍOCH

                       

 

Date Released: 25 March 2020

Powered by EIN Presswire


EIN Presswire does not exercise editorial control over third-party content provided, uploaded, published, or distributed by users of EIN Presswire. We are a distributor, not a publisher, of 3rd party content. Such content may contain the views, opinions, statements, offers, and other material of the respective users, suppliers, participants, or authors.

Submit your press release