Questions? +1 (202) 335-3939 Login
Trusted News Since 1995
A service for agriculture industry professionals · Wednesday, September 25, 2024 · 746,377,071 Articles · 3+ Million Readers

Éileamh déanta ag McConalogue do ghné láidir ghlas maidir leis an CAP nua agus an mhéid is mó solúbthachta maidir le híocaíochtaí díreacha a theorannú

D'éiligh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu gné láidir glas a choinneáil sna hidirbheartaíochtaí leanúnacha maidir le CAP Tar Éis na Bliana 2020.

 

Is éard a dúirt an tAire McConalogue agus é ag a chéad chruinniú de chuid na Comhairle Talmhaíochta Iascaigh, "Is í seo an phríomhshaincheist a gcaithfimid aghaidh a thabhairt uirthi. Ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh torthaí timpeallachta agus aeráide i gceist leis an CAP nua."

 

Le linn na cainte ar an 'Leagan Amach Glas' beartaithe i ndáil le CAP Tar Éis na Bliana 2020 d'éiligh an tAire McConalogue go gcuirfí bearta i bhfeidhm chun a chinntiú go dtapódh Ballstáit an deis maoiniú CAP a fháil dá mba rud é go mbeadh éileamh níos ísle ó fheirmeoirí i gceist le scéimeanna ECO ná mar a bhí beartaithe sna chéad blianta den CAP.

 

"Ní mór dom a bheith fíorshoiléir maidir leis an bpointe seo." a d'fhógair an tAire McConalogue, "Ní fhéadfaidh mé glacadh le rud ar bith a d'fhágfadh Éirinn nochta ar an mbealach sin."

 

Maidir le hÍocaíochtaí Díreacha agus an rogha teorainn a chur ar íocaíochtaí a gheobhadh feirmeoirí aonair dúirt an tAire McConalogue, "Faoi na céad tograí, bheadh cead ag Ballstáit íocaíochtaí a laghdú go €60,000.  Thug mé tacaíocht láidir don rogha sin do Bhallstáit agus ba mhaith dá gcoinneofaí an tsolúbthacht sin, a oiread agus is féidir".

 

Phléigh an Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh roinnt ábhar eile chomh maith, lena n-áirítear an cás maidir le trádáil agus na margaí, Fiabhras Afracach na Muc, agus beartais maidir le lipéadú cothaithe. 

 

Reáchtáil an tAire McConalogue cainteanna úsáideacha leis an gCoimisinéir Janusz Wojciechowski chun CAP amach anseo agus Rialacháin Idirthréimhseacha CAP atá beartaithe a phlé.  

 

 

CRÍOCH

Date Released: 21 September 2020

Powered by EIN Presswire

Distribution channels: Agriculture, Farming & Forestry Industry

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.

Submit your press release