Questions? +1 (202) 335-3939 Login
Trusted News Since 1995
A service for agriculture industry professionals · Friday, April 19, 2024 · 704,960,155 Articles · 3+ Million Readers

Fliú na nÉan H5N8 deimhnithe in éin fhiáine san Ísiltír

Ba mhaith leis an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., a chur in iúl d'úinéirí éanlaithe go bhfuil dhá chás de fhliú na n-éan ardphaitigineach (fochineál H5N8) deimhnithe san Ísiltír agus ba mhaith leis béim a leagan ar an ngá atá ann athbhreithniú a dhéanamh ar chleachtais bhithshlándála agus muid ag déanamh ar thréimhse lena mbaineann baol níos airde maidir le Fliú na nÉan.

 

Tá sé deimhnithe ag an Lárionaid Faire um Chosaint Sláinte cé go bhféadfadh drochghalar a theacht ar éanlaithe agus ar éin eile mar gheall ar an bhfochineál H5N8, níor tuairiscíodh aon ionfhabhtuithe den víreas i ndaoine ar fud an domhain agus dá bhrí sin meastar go bhfuil an baol a bhaineann leis do dhaoine an-íseal. Tá éineoil agus táirgí éineola, lena n-áirítear uibheacha atá bruite i gceart sábháilte le hithe.

 

Deimhníodh an chéad chás in eala bhalbh a fuarthas marbh i gceantar Groene Hart i lár na hÍsiltíre an 20 Deireadh Fómhair agus deimhníodh an dara cás i rualacha Eoráiseach an 26 Deireadh Fómhair.  In 2016/2017 a fuarthas an cás deiridh de fhliú na n-éan fochineál H5N8 in éin fhiáine in Éirinn nuair a deimhníodh an víreas in 12 éan lena n-áirítear rualachain Eoráiseacha, ealaí balbha, ealaí glóracha agus corr réisc. Tá córas foláirimh luath i bhfeidhm le Cairde Éanlaith Éireann, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus Cumann Náisiúnta na gComhairlí Áitiúla Géime maidir le faireachas ar ghalair in éin fhiáine.

 

De ghnáth is ag an am seo den bhliain a aistríonn éin a bhféadfadh víris fliú na n-éan a bheith orthu ar feadh Bhealach Eitilte an Atlantaigh Thoir ó cheantair níos fuaire i dTuaisceart agus in Oirthear na hEorpa chuig tíortha in Iarthar na hEorpa, Éirinn ina measc. Ba cheart úinéirí éanlaithe in Éirinn a bheith ar an eolas go bhfuil an víreas ábalta scaipeadh ó éin fhiáine go dtí feirmeacha éanlaithe, trí theagmháil dhíreach agus trí shalachar éan fiáin a bhfuil an víreas orthu ach go háirithe. Ba cheart bearta bithshlándála a chur i bhfeidhm chun an baol atá i gceist le fliú na n-éan d’ealtaí éanlaith a mhaolú. Moltar d'úinéirí ealtaí beatha agus uisce a thabhairt dá gcuid éan faoi dhian nó faoi fhoscadh sa chaoi is nach mbeadh teacht ag éin fhiáine ar an mbeatha agus ar an uisce sin, ba cheart go mbeadh fál oiriúnach timpeall theorainn na limistéir faoin spéir. Baineann sé seo le gach ealta, is cuma chomh mór nó chomh beag is atá siad.

 

Leag an tAire béim ar gur cheart go leanfadh úinéirí ealtaí de bheith ag faire amach do chomharthaí galair ina n-ealtaí agus aon amhras faoi ghalar a thuairisciú chuig an Oifig Tréidliachta Roinne is gaire dóibh. Tá an Roinn ag leanúint de bheith ag déanamh monatóireacht ghéar ar an ngalar agus é a mheas.

 

Nótaí d'eagarthóirí:

  1. Is féidir tuilleadh eolais maidir le fliú na n-éan a fháil anseo: https://www.agriculture.gov.ie/avian_influenza/
  2. Áirítear cloiginn ata, mílíthiú ar mhuiníl agus ar scornacha na n-éan, ní bhíonn aon dúil acu i mbeatha, deacrachtaí anála, sciodar, agus ní bhíonn an oiread uibheacha á mbreith acu ar chomharthaí cliniciúla ar cheart d'úinéirí éanlaith súil a choinneáil amach dóibh - cé go mbíonn éagsúlacht i gceist ag brath ar speiceas na n-éan.
  3. Má cheapann tú go bhfuil an galar ar d'ealta féin, cuir sin in iúl don Oifig Tréidliachta Roinne is gaire duit nó glaoigh ar Líne Chabhrach Fliú na nÉan: 076 106 4403 (Taobh amuigh de Ghnáthuaireanta Oscailte na hOifige:   1850 200 456).
  4. Má thagann tú ar éin fhiáine ar nós lachain fhiáine, géanna fiáine, ealaí, faoileáin nó éin chreiche marbh ná láimhseáil iad. Déan sin a thuairisciú chuig an Roinn mar atá thuasluaite.
  5. Is féidir liosta d'oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus sonraí teagmhála na n-oifigí sin a fháin ag: http://www.agriculture.gov.ie/contact/

 

 

 

CRÍOCH

Date Released: 28 October 2020

Powered by EIN Presswire


EIN Presswire does not exercise editorial control over third-party content provided, uploaded, published, or distributed by users of EIN Presswire. We are a distributor, not a publisher, of 3rd party content. Such content may contain the views, opinions, statements, offers, and other material of the respective users, suppliers, participants, or authors.

Submit your press release